School: Druim na Rath (roll number 12428)
- Location:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Éamonn Mac Dhúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- San am fadh ó bí an paroíste seo uilig faoi Mac Suibhne na dTuath, acht nuair a bhí an cogadh mhór thart san bliadhain 1603, sé Maolmuire an Bhata Bhuidhe a bhí mar ceann uarraidh ar an áit uilig. Tar eis imtheacht na h-Iarla san bliadhain 1607 agus nuair a cuireadh síos éirigh amach an Ó Dochortaigh san bhliadhain 1608 bhí an fear uasal deireanach de'n sean gaedheal ar lar annsin agus connacthas do Rí Shasan annsin go dtáinic an t-am le na muintear feín a dhíol go maith.Ar an adhbhar sin fuair se greim ar talamh de Cúige Uladh agus thoisigh sé ag rannadh e idir daoine as Sasan agus Alban. Cuireadh an tóir ar Mhaolmhuire an Bhata Bhuidhe as Chaisleán na dTuath, agus cha rabh faghthu aige as an roinnte mór talaimh a bhí faoi, act amháin Coran Binne agus giota beag talam comhgarach de. Sé duine uasal as Sasan dar ainm Sanford a fuair an caisleán agus roinnt maith talaimh thart fa dtaob do. Tá leach os cionn uaigh na daoine seo a bheith le feiceal san sean-roiligh i n-aice an Chaisleaín go foil.Acht sé na HARTES a bhí mar tighearnaí thalaimh san caisleán síos go dtí an bliadhain 1866. San bliadhain sin dhíol na Hartes an caisleán agus sé Stúbhairt as an Ards a ceannachg e. Bhí an Caislean agus an talaimh a bhí leis le na Stubhairtí síos go dtí an bliadhain 1924 nuair cheannuigh Comisiúin an Talaimh e. De reir Seanacus(continues on next page)
- Collector
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir