Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag amharc isteach. Bhí bearad bán agu s seál deas ar gach duine acú. Nuair a bhí siad tamall ag amharc isteac ins an cóiste shiubhail siad síos i gcois na h-abhna atá comhgarach leis an teampall, agus thoisigh siad ag leimnigh trasna na h-abhna agus arais aríst. Chaith siad tamall maith ag an obair seo, acht nuair a shaoil siad go mbeadh na daoine - agus leóga, níl moran daoine Galda ins an áit ceadna - ag teacht amach as an teampall tháinic siad aníos go dtí an bhealaigh mhóir arais.Thoisigh na daoine ag teacht amach agus ni rabh sé a bhfad go dtáinic Nixon é féin amach. Shiubhail sé caol díreach annsoir an cóiste agus chuaidh se isteach ann. Cheangal an tiominaidhe na gcapall leis an cóiste agus leim se fhéin suas ann a n-áit acht cha rabh se na shuidh i gceart nuair a leim ceann de na mna suas agus fuair sí greim scéadamon air. Rug ceann eile acu ar na gcapallaibh agus fuair sé greim orhtú. Maidir leis an tríomhadh bean d'fosgail sí doras an coíste, tharraing si piostal mór amach as faoi a seál agus chuir sí isteach san coíste é. Bhí an oiread sin de eagla ar Nixon gur fhosgal sé a bheal comh mór agus thiocfadh leis agus leig se beic mór amháin as. Sgaoil an bhean ag an am ceadhna agus caidé thurlaigh a d'imthigh an pileár isteac in (?) a bheal agus amach fríd a phluc. Shaoil na mna go rabh Nixon marbh acú agus as go brathach leobhtha suas an cnoc com gasta (?) le gabair. Sé triúr fear óg a bhí an rith an ama. Ní rabh Nixon marbh acu ar chor ar bith. Bhí se loitte go(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)