Scoil: Gortnabrade (uimhir rolla 15706)
- Suíomh:
- Gort na Brád, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Tadhg Mac Pháidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gortnabrade
- XML Leathanach 403
- XML “Bia na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fad o shoin ní rabh an cíneal ceadhna bídh acu agus atá anois. Ní rabh tae nó plúr no aran bán acu. Is e brachan coirce a díh siad le na mbricfeasta agus cor uair dobair na fir cupla uair roimhe an bricfeasta ar maidín.Bhí préataí acu ag an dinnear agus díth siad sin le braon beag bainne agus ma bhí an bhó tirim ní rabh acu ach grainín salain agus cor uair bhí sgadáin ghoirte acu. Nuair a bhí na préataí brúithte cuireadh amach ar bhascaid no ar lasoid iad agus fagadh an lasoid ar phota no ar thuban i lár an urláir. Shuidh siad thart annsin agus braon bainne ag achan nduine acu agus scadan i lár na bpréataí.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáitlín Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Achadh an Leataoibh, Co. Dhún na nGall