Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)

Suíomh:
An Gleann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 101

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 101

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann
  2. XML Leathanach 101
  3. XML “Seanscéal - Fear na Rosaibh agus na Siógaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean Sgéal. Fear na Rosaibh agus na Sidheogaí.
    Bhí fear in a chomhnuidhe i bhfad ó shóin ins na Rosaibh i dTírchonaill. Ní rabh a’n duine beo aige ach a mháthair. Ní rabh de mhaoin shaoghalta aige ach bó agus béach. Muna rabh féin bhí suaimhneas maith intinne aige.
    Oidhche amháin Shamhraidh bhí sé amuigh ag cuartughadh an bheithigh. Chualaidh se cainnt in aice leis. Seo an chainnt a chualaidh sé “Béach damhsa” “béach damhsa” “beach damhsa”. Nuair a chualaidh seisean seo dubhairt sé na focla céadna. Ní luaithe bhí siad raidhte aige na bhí sé ag marcuidheacht ar bheach, a’s as go bráthach leis a’s na sidheogai in a chuideachta.
    Thárla sé go dtáinig siad go teach in a rabh cuideachta bainféise ann, nuair a bhí siad tamall ag siubhal. Thuirling siad dé na béithigh agus d’iarr na sidheógaí ar an fhear ghul isteach agus cúrsa damhsa a thabhairt dó’n mhnaoi óig a pósadh. Rinne an fear amaideach mar h-iarradh air. Ní luaithe a thoisigh sé a dhamhsa léithe i lár an urláir na thuit sí marbh ag na chosa. Thoisigh an trioblóid annsin agus tháinig eagla mhór ar an fhear. Chuaidh sé amach airis. Bhí na sidheógaí rúdh le bheith i gcionn siubhail agus bhí an béach reidh fá na dhéin-san fosta. Dubhairt na sidheógaí go dtiocfadh leis an bhean óg a thabhairt leis ar a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eithne Ní Cheallaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Toam, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ua Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Doire Easa Cloiche, Co. Dhún na nGall