Scoil: Ceathramha na gCanónach (uimhir rolla 16102)

Suíomh:
Carrownaganonagh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoin Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1082, Leathanach 55

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1082, Leathanach 55

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramha na gCanónach
  2. XML Leathanach 55
  3. XML “Leigheas - Triuch”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean sna Rosaibh fadó shoin - tuairim ar chéad bliain ó shoin anois é agus bhí léígheas tnúth aici. Is iomdha duine agus ainmhidhe a leigheas sí. Bhí sagart na paróíste go mór ina h-éádan agus duine ar bith a rachadh 'a cómhair dheánfaidh é a caindeal-bháthadh.
    Mar sin féín churtí fa na coinne go minic i ndorchadas na h-oidhce agus thigeadh sí agus a cóta fa na h-uachtar ar eagla 's go n-aithneóchaidhe í. Bhí luibh bhrúighthe aici a bhí ag a sinnsear roimpi agus chuireadh sí seo faoi shoc an té bhí le léígheas. Caitríóna ghasta a ainm don mhnaoi seo.
    Bhí sagart san áít san am sin - An Sagart Ó Domhnaill a b'ainm do. Bhí beathach deas dubh aige a rabh bród mór air as. Bhí sé ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
          1. leigheasanna ar ghalair ar dhaoine
            1. triuch (~234)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Brighid Nic Fhionnghaile
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carrownaganonagh, Co. Dhún na nGall