Scoil: Baile Mhichíl (uimhir rolla 16241)
- Suíomh:
- Baile Mhicheáil, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ua Gafacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhichíl
- XML Leathanach 236
- XML “Cruatan - Longbhriseadh”
- XML “Cruatan - Longbhriseadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timcheall na bliadhna 1928 báthadh triúr duine as bád comhgarach dó'n Teach Soluis. Bhí na fir as Baile Fhioruisge is bhí siad amuigh ag iasgaireacht bradain. Bhí an tráthnóna an olc agus bhí an fhairrge garbh is bhí gaoth mhór ann.
Shéid an ghaoth an bád ar shiubhal 'aca'n bhealach, agus ní rabh siad abálta rud ar bith a dhéanamh. Thionntuigh an bád ortha agus baitheadh an triúr acu. Fuarthas corp fir amháin acu isteach i Malainn agus cuireadh é. - Ins an bhliadhain 1914 báthadh long mhór comhgarach dó'n Teach Soluis i Loch Súilighe a bhí ag dul go Meiricea le ór. Sé bád eile a téigheadh faoi'n uisge a ba chionntach le báthadh na loinge(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Éibhlin Ní Fhríghil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Úr, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac an t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Úr, Co. Dhún na nGall