Scoil: Leitir Sean-Bhoth (uimhir rolla 12900)

Suíomh:
Leitir Seanbhó, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
S. Ó Ferraigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1093, Leathanach 070

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1093, Leathanach 070

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Sean-Bhoth
  2. XML Leathanach 070
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Riaghal-Ród' adeir sé an focal ceart ar bhóthar iarainn.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    láidre nó níos daingne," arsa seisean "mar sompla Lios na gCearrbhach, an áít a mbíodh na cearrbhaigh cruinn cnachta (?) i gcionn a chéíle."
    Deir sé ná lucht imirt chártaí na Cearrbhaigh seo ach teaghlaigh a chruinnigh igcuideachta le h-aghaidh cognadh, agus gur chuir siad rud ingeall nó indubhshlán ar an taoiseach gallda. Siocar go raibh geall thíos aca nó go dtug siad dubhslán an taoisigh tugadh "Cearrbhaigh" ortha óir chuir siad iad feín i gconntabhairt báis.
    Deir sé gur ó'n ngaedhilg a tháinig ainm na mbaitle no na gcathrach London agus Liverpool.
    Is ionann London agus Long-dún no áit fóirithne nó cosanta ar an ngaoith agus ar an stoirm do bhádaib.
    Is ionann Liverpool agus lár=poill.
    Deir sé gur ionann Annagry (sráid-baile in-aice le Rann-na-Feirsde ins na Rosaibh agus Áth-na-gCorr (?) an áit a gcruinnigheadh na h-éánacha sin, na cuirr-mhónadh, le tráth bídh a ithe nuair rachfadh an lán mhara amach. "Ath" seadh áit san abhainn,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    S. Ó Fearraigh
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Paidí na Gaedhilge
    Inscne
    Fireann