Scoil: Baile na mBreathnach (Welchtown) (uimhir rolla 9882)

Suíomh:
Baile na mBreatnach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
R. A. Alcorn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1093, Leathanach 103

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1093, Leathanach 103

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile na mBreathnach (Welchtown)
  2. XML Leathanach 103
  3. XML “Mac Daibheannaigh an Taoiseach ar leis Gleann Finne sa tSean-Am”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Mac Daibheannaigh an Taoiseach ar ba leis Gleann Finne san t-sean-am

    Tamaill 'na dhiaidh aimsire Naoimh Pádraig bhí triúr inigheanach ag Mac Daibeannaigh. Taobhóg (?) Rainsigh agus Coimín a b'ainmneacha dóbhtha. Thug sé fogluim maith dóbhtha agus ba toil leobhtha a saoghal a chaitheamh ag teagasg an aosa óig. Lá amháin Shiubhail Taobhóg leithe suas bruach no Finne le áit fóirsteanaigh a fhágháil ina dtogfadh sí mainistir. Shiubhail sí leithe go dtí ait 'na b'faca sí breac mór san abhainn. Bhí leitreacha mortha sgríobhtha ar thaoibh an bhric. (Letter Bric) (Litir Bric) agus thuig sí asta go rabh sí le pilleadh síos agus an mainistir a thógáil san áit 'na bhfeicfeadh sí "an bradán ag léimnigh, an fiad ag géimnigh, agus an creabhar ag seinm ins na coillte".
    Shiubhail sí leithe anuas go rabh sí san áit na bhfuil Roilig Gleann Finne anois agus chonnaic sí no trí nidh(?) annsin. Chonnaic sí na bradáin ag léimnigh insde eas. Chuolaidh (?) sí an fiod ag géimnigh ar Ált na Fléisite agus (?) Bhí no creabhair ag seinm ins an choillidh.
    Thóg sí a mainistear annsin. Cill Taobhóig ainm paráiste sa ceanntair seo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge