Scoil: Baile Ciaragain (uimhir rolla 13127)
- Suíomh:
- Baile Uí Chiaragáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Cáitlín, Bean Mhic Fhionntaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Ciaragain
- XML Leathanach 339
- XML “Tobar na nAingeal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá tobhar beannuighthe i ceanntar Tóin Dubh cómhgarach do scoil Bailechiaragain. Tá sé ins an pháirc atá ar chúl teach Páidí Mícil. Deirtear go bhfuil léigheas san uisge an tobhar sin, agus tá sé fíor go leór. Cúpla bliadhain ó shoin, bhí bean bhocht, agus ní rabh sí abálta siubhal. Ar an lá roimh Bealtaine, d'iompruigh a fear í go dtí an tobhar, agus dúirt sé go mbeadh sé arais fa na coinne ins an tráthnóna. Acht nuair a bhí sé ag dul annsin, cé cásadh air acht a bhean, agus bhí sí abálta siubhal comh maith is bhí sí ariamh. An fáth go bhfuil an tobhar annsin ar chor ar bith no i n-am na Dligthe Peannaideacha, nuair a bhí cúig punt suas ar son cionn sagart, bhí sgáifte saigdiúirí indiaidh sagart. Bhí an sagart bocht tuirse indiaidh bhéith ag rith ó maidin. Nuair a tháinigh na saighdiúirí fhad do chonnaic siad solas tart fa dtaobh do, agus bhí sgáifte áingeal(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua Cnámhsaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Chiaragáin, Co. Dhún na nGall