Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Teagasc Críóstaidhe an Chonnachtaigh
Cé chruthuigh thú. Chruthuigh an t-Athair mé
Goidé'n cruthughadh a thug sé ort. Rinne
sé an aon-chumadh agus an deánamh
leis fhéin é. Cé cheannuigh tú. Cheannuigh
an Mac mé. Goidé'n ceannacht a thug
Sé ort. A chuid fola, feola a
scróchadh ar chrann na croiche, a
céasadh ar mo shon. Cé thug tiodhlachaí
duit. An Spiorad Naomh. Goidé na
tiodhlachaí a thug Sé duit. Na cúig
ceádfa corparamhail, Blas, Boladh,
mothughadh, amharc agus éisteacht. Goidé
fáth a n-abrann tú "Amen" Ag iarraidh
ar Dhia an nidh sin adubhairt muid
a bheith déanta go maith in ainm Dé
Cia h-é d'athair. Dia. Cé hí do
mháthair. Tá. An Eaglais. Goidé bheir
an Eaglais mar máthair agat.
Mar is í a bhaist mé. Goidé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- P. Mac Ailín
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)