Scoil: An Cnoc (uimhir rolla 2475)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brain Ó Duibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mo Chró beag ag Bun C[h]noc a' Tighe
I
Is iomdha áit áluinn in Éirinn
Ag filidh 's lucht foghluim faoi cháil
Acht measaim gur gleanntaí Thír Chonaill
An áit ann is deise le fághail
Cha dtabharfainn ar choróin Rí Eamonn
A Phalais 'gus a stór maoineach buidhe
Mo chomhnuidhe beag féin i dTir Conaill
Mo chró beag ag bun Chnoc a' Tighe
II
Tá'n Mhucaise mhór ar taobh shiar de
Faoi nealtaí leath-bhealaigh go bun,
Tá Caisleán Mhic Suibhne taobh thoir de
Ar bhruach glas cuan Caorach na dtonn,
Tá'n cuilinn 's caorthann 's fuinnseóg
's aiteannach glas na mbláth mbuidhe
'n aghaidh doininn dubh Gheimhridh mar ghárda
In mo chró beag ag bun Chnoc a' Tighe
III
Tá'n bheachóg go meidhreach ag drandán
ag tógail na mileach ó'n bhláth
Tá'n londubh 's na duilleogaí glasa
Gabhail cheoil le na chéile le grádh,
Tá'n smolach ag seinm le subhailce
Ar an c[h]raobh glas is aoirde na suidhe
Agus mise le lúthghair ag éisteacht
In mo chró beag ag bun Chnoc a' Tighe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brian Ó Duibhne
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cnoc, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Neil Mc Bride
- Ainmneacha eile
- Neil Mc Bride
- Niall Mac Giolla Bhride
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 81
- Gairm bheatha
- File (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Faiche Mhór, Co. Dhún na nGall