School: An Doirín (roll number 11549)

Location:
An Doirín, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
Seán Mac Cárthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0086, Page 159

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0086, Page 159

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Doirín
  2. XML Page 159
  3. XML “Na Gadaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    arís uaidh go raibh sé le fághail aige.
    Níorbh fhada bhí an Gar Lámhach nuair tháinig na gaduidhthe go dtí Tráigh Dúin Inbhir le barc agus báid fhada. Amach leo ag sgriosadh agus nuair a thangadar go dtí na báid bhí an oidhche ann. Tosuigheadar ag cur na mbeithidheach isteach ins na bádaibh fada. Lean an Gar-Lámhach iad agus a buacaill agus a cailín leis agus thugadar leo beart cochain agus aitheine teineadh agus lasadar an cochain ar an árd os cionn na mbád
    Annsin thosuigh siad ag rith timcheall air. Nuair a tháinig na gaduidhthe seo cheapadar go raibh sluagh mór daoine ag teacht chúca. Ní raibh ach bulán istigh aca san mbád agus chaitheadar amach é agus as go bráth leo. Báthadh an bulán agus baisteadh Béal an Bhuláin ar an mbéal mar geall ar sin
    Thug an Gar Lámhach a chuid eallaigh abhaile leis agus cuir sé faoí agus thóg sé Dun mór ag Béal an Átha Salaigh. Bhí clais 9 dtroighthe ar leithead agus 9 dtr. ar aoirde timcheall air agus bhí lusc droicead treasna i dtreo nach bhféadfadh an námhaid teacht isteach. Bheadh an chúirt le feicsint go dtí an lá ? marach gur feidin as na clocha cun páirc a dhéanamh le h-aghaidh gamhna. Rinne an Gar Lámhach daingean eile ar oileán beag sa bfairrge in-aice le Dubh-Guirt i. an Dún Mór agus rinne sé ceithre tighte ann - ursanna cloch ins an doras in-áit admaid, iad 5 tr ar aoirde 18 n-orlaigh ar leitead ins an gceap tairsighe agus 4' ar leitead ag a bárr. Tá an cuid eile tuitithe. Tá an t-oileán sin trí fichid sl ar faid agus fiche sl ar leithead agus tá 8 bhfead ar aoirde ann os cionn na fairrge. Tá airse ann an fhairrge ag dul tríd mar racadh árthach.
    Triomuigheann sé i riocht go dtig le duine dul suas air ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine
        1. robálaithe (~423)
    Language
    Irish