Scoil: Sliabh Mór (uimhir rolla 2307)
- Suíomh:
- An Sliabh Mór, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Ó Flannabhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Mór
- XML Leathanach 370
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear ann uair amháin agus bhí feilm mhór talmhan aige, agus rinne sé teach don fear a chuir sé isteach...”
Bhí fear ann uair amháin agus bhí feilm mhór talmhan aige, agus rinne sé teach do'n fear a chuir sé isteach ag cumhdach a chuid beithidhigh; bhí stábla taobh leis an dteach; acht leag sé cíos beag ar an bhfear a bhí ag chumhdach na mbeithidheach.Ní raibh an fear gur leagadh an cíos air ag íoch an cíosa. Tháinig an duine uasal chuig an bhfear chomh fada leis an dteach. Chonnaic bean an fhir a bhí ag cumhdach na mbeithidheach an duine uasal ag teacht."Sílim go bhfuil fearg air" adubhairt sí. "Téirigh amach chuig an stábla agus glan amach ó'n gcapall agus tosaigh 'ghá ghlanadh suas."Chuaidh an fear amach. Chuir sé píosa airgid geal isteach ins an áit a ndhéanfadh an capall beag fuighleach (talach) air.Ní riabh an duine uasal abhfad istigh nuair a tháinig an t-airgead ó'n gcapall mbeag ar an bpábháil taobh thiar dhe.(leanann ar an chéad leathanach eile)