Scoil: Maol Raithnighe
- Suíomh:
- An Mhala Raithní, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An tSiúr Philomena
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- "Codladh sin ort, A Mhathair mhíorbhuilteach?"
"Ní headh, ach aisling a mhic, a ghradh-gheal"
Cé is brígh do Do aisling a Mhathair mhíorbúilteach?
"Go bhfuil Tú lé Do chrochadh, le Do chéasadh
Beo agus marbh ar chrann na croiche,
Go bhfuil Do choróin spíonta lé dul ar Do cheann
Go bhfuil Do shlinn (ibhe) ag dul trí Do chroidhe
Go bhfuil na táirne mheirgeacha le dul trí Do chosaí agus in Do lámhaí
Go bhfuil Do chuid fola fíor-úasal lé dóirteadh ar na sráideanna."
"Is maith do aisling a mhathair míorbhuilteach"
Níl aoinne a smaoinigheas ar bás a Shlánuightheora nach bhfeiceann an Mhaigdean glórmhar bheannuighthe trí úaire roimh a bás.Paidir don Aingeal.
Aingeal Dé go raibh in ár gcuideacht
Agus in ár gcumhdach, in ár luighe
Agus in ár dtreorú go chúirt na nGrás.- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Cheallachain
- Gaol
- Ní fios
- Aois
- 80
- Seoladh
- Muirbheach, Co. Mhaigh Eo