Scoil: Scoil na mBráthar, Baile ‘n Ródhba
- Suíomh:
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: M. A. Ó Mathghamhna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cisde Óir i bhfolachDo bhí manaigh i n-a gcómhnuidhe i Mainistir i n-aice le Baile an Ródhba uair amháin. Do chuala siad go raibh saighdiúrí Chromail ag teacht chun an Mainistir a chur tré theine, agus chun na manaigh a mharbhadh. Ní raibh mórán ama aca le dhul amach as an bhaile agus níorbh' mhaith leo imtheacht as an mainistir agus na cuirn is cailísí agus gach rud i gcóir Aifrinn d'fhágaint i n-a dhiaidh. Do chuir siad na cuirn is na cailísí isteach i mbosca déanta d'ádhmaid. Dheineadar poll 'sa talamh agus chuir siad an bosca isteach ann. Do chuaidh siad amach as an tír cómh tapaidh agus is féidir leo.
Do tháinig Cromail agus a cuid fear. Do chuir siad an Mainistir tré theine. Do bhí dealbh d'Íosa Chríost ar a bhárr. Do thuit sé sin agus é tré theine ar an áit i n-a chuir siad an bosca.
Tuairm is 50 bliadhain i n-a dhiaidh dhein cuid fear iarracht an bosca d'fhágháil acht do theip ortha. Do chonnaic siad solus láidir ar an áit n-a thuit an dealbh. Do bhí an solus cómh láidir sin nuair a chonnaic na fir é do thuit siad ar an dtalamh. Do marbhuigheadh iad. Deirtear go bhfuil an solus sin i n-a nghárda chosannta ar an mbosca ó'n lá sin amach. Tá ballaí na mainistreach i n-a sheasamh fós.- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Gogáin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú na Leice, Co. Mhaigh Eo