Scoil: Scoil na mBráthar, Baile ‘n Ródhba
- Suíomh:
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: M. A. Ó Mathghamhna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó fadó bhí fear i n-a chomhnuidhe ar bun Cnuic Neifin Beag. Do bhí an feaer seo pósta, agus bhí inghean amháin aige. Bhí an cailín seo dall Ó rugadh í. Sé an t-ainm a bhí ag na daoine u irthí ná Nóra Dall.
Oidhche Shamhna chuaidh Páidín amach. Bhí sé ag siubhal go d-táinig sé chomh fada le choill. Bhí crainnte móra 'sa choill. Chuala Páidín fothramh. D'feach sé suas. Chonnaic sé fear beag ag léimrigh ó chrann go crann. Do thuit Páidín beagnach nuair a chonnaic sé an fear beag.
Tháinig sé anuas o'n g-crann. "Cá bhfuil an pota óir?" arsa Páidín. "Tá sé faoi an g-crann sin," arsa an fear beag. "Fáigh sluasad, agus teasbáinfidh mé duit cá bh-fuil sé," arsa an fear beag. Chuaidh Páidín abhaile. Fuair sé an sluasadh. Nuair a thainig sé arais thosuigh sé ag obair. Taréis obair cruaidh fuair sé an óir. Ó'n lá sin amach bhí sé saidhbhir. Ní [ ] sé an fear arís.- Faisnéiseoir
- Bean Uí Conaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo