Scoil: Scoil na mBráthar, Baile ‘n Ródhba
- Suíomh:
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: M. A. Ó Mathghamhna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí Rí in Éirinn fadó agus Bhí sé Pósta.”
(ar lean ón leathanach roimhe)oireann tú é pósadh mé thú." "Muise bh-fearr liom dul tré Éire thuille". "Tá gabháltas mór talmhan agam, tá caiple ráis agam, tá chuile sórt nidh sa [d]omhan agam", arsan bhean. "Pósadh mé thu mar sin," ar seisean.
'Chuile maidin nighfeadh sé é féin agus rachadh sé ag fiadhach ar cheann de na caiple. An mhaidin seo leig sé an scaball a bhí ar a mhuinéal ar an mbord. [Ch]uaidh sé amach. Bhí an bhean ag glanadh na soithí agus fuair sí an scaball. [D]oscail sí é agus léigh sí é. Bhí fhios aici annsin cé bhí pósta aici. D'imtigh sí as a [c]iall. Nuair a tháinig an Rí isteach chonnaic sé an scaball comh maith agus bhí fhios aige cé bhí pósta aige. D'imthigh sé go d-táinig sé go roilig. Bhí fear ag an n-geata. "Tar uait isteach annseo" arsa an Rí. Luigh sé ar an talamh. "Cuir na trí spírí seo díom". Bhí sé a'cur píonos air féin ar an rud a rinne.
'Cuile am ar bith a bhéadh naomh ar an d'talamh [b?]ualadh na cloig i Róimh agus rachadh to leór amach at róiridheacht an Naoimh. An lá so do bhuail na cloig. Thosaigh siad ag tóir. Tháinic siad go dtí an roilg. [F]uair siad an Rí 'na Naomh. Thug siad go Róimh é. Rinneadh sagart de. [R]inne "Missioner" de. An lá so bhí go leor daoine ag iarraidh faoistín fhagháil. Bhí teach an phobail lán. Tháinig sean-bheanín isteach. Bhí chuile duine ag [?]ubhail uirthe. Chonnaic an missioner í. Tháinic sé amach as an m-bosca. "Coinnigh siar", ar seisean, "agus leig isteach an bhean bhocht. "Chuaidh sí isteach a'fáil faoistín. Fuair sí maitheamhnas ó'n Missioner. D'imthigh an peidhre chun flaithis.- Faisnéiseoir
- Daibhidh Piaruic
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Trasna, Co. Mhaigh Eo