School: Scoil na mBráthar, Baile ‘n Ródhba
- Location:
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: M. A. Ó Mathghamhna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Uair amhain bhí buachaill i bparáisthe Cros Bhaoitin agus bhí sé ana bhocht. Lá amháin chuaidh sé go dtí an Spainn ar lorg oibre. Bhí sé ag dul tré coill lá agus tháinig sé ar bothán agus bhí dhá sean caileach istigh i leabaidh agus dubhairt siad leis go raibh siad ann ar feadh seacht gcéad mbliadhan. Bhí cat dubh acha agus dubhairt siad leis an cat a mharbú agus an an-bruit a thabhairt doibh go innseochad siad dho áit a raibh saidhreas. rinne sé mar dubhairt siad agus nuair a bhí an an-bhruit olta aca [d]'aitridh siad ina mna ann d.
Dubhairt siad leis dul abhaile agus go raibh crann áirne ins an gairdín sa mbaile agus go raibh pota óir sios faoi.
Chuaidh an buachaill abhaile agus nuair a tháinig sé go dtí a theach féin dubhairt a máthair leis nár [fh?]an sé i bhfad ar imteacht. Déirigh sé go moch maidin ar na bháireach chuaidh sé amach ins an gháirdín fuair sé an pota óir fé'n crann. Thug sé isteach to dtí a theach agus bhí sé saidhbhir ón lá sin amach.- Informant
- Peadar Ó Seireadain
- Gender
- Female
- Address
- An Garbhlach, Co. Mhaigh Eo