Scoil: Bun an Fhionnghlaise (uimhir rolla 11454)
- Suíomh:
- Bun na Fionnghlaise, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Ó Maoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá a colainn sa talamh
Is a anam i bhflaitheas
Faoi cúram na n-aingeal
Na n-easbol is na naomh
Is gan cosg le na theangaidh
Acht ag agairt na tríonóide
le Éire a saorad ó
Gangaidh is baoghail
(II)Tá an Maighdean in a bhfochair
Agus Seosamh a céile
Ag éigneach go fabharach
Leath-throm na n-Gaedheal
Atá faoi duibheachán creidimh
A tháinig go h-Éirinn
I shoisgéal neamh-tharibheach
I nGall briathra béil
(III)Crochadh na sagairt
Is céasadh na céadtha
Marbhuigheadh na mílte
Is na milliúin a ghrádh(?)
Nuair nár thréig siad an creidimh
Ar taoiseach na féile
Is an Maighdean a séanadh
Ar son rálaighe mná(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nórá Nic An Ultaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Antoine Mac An Ultaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo