Scoil: Currach
- Suíomh:
- An Chora Láir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An Bráthair Joachim
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Currach
- XML Leathanach 0083
- XML “<span class="exact"><span class="token">Oíche</span></span> <span class="exact">Shamhna</span>”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i gceann eile. Cuirtear púicín ar duine agus cuirtear na fochupáin cré le chéile. Ansin leagann sé a láimh ar fochupáin éiginn. Má bhíonn cré ann gheobhaidh sé bás sul a mbeadh an bliain caite, má bhíonn uisce ann rachaidh sé trasna na fairigí, má bhíonn píosa éadaigh ann beidh sé ina fhear bocht. Má bhíonn siosúr an beidh sé ina tháilliúr, má tá fáinne ann beidh sé pósta sul a bhéas an bliain caite.
Leagtar fóchupán I lár an urláir agus déantar line suas uaidh le cailc. Ar an deireadh don line fágtar úll. Leagann duine a méar ar an fóchupán agus téann sé thart timpeall deich uaire ansin siúlann sé ar an line, má siúlann sé ar go díreach bíonn cead aige an úlla ithe.
Bíonn na daoine ag éisteacht taobh amuigh den doras, agus an céad ainm mhná a cloisfeadh siad déarfadh siad ‘sin é ainm an mná a bheidh mé pósta léi.’
Ní théann aon duine amach tar éis a deich a chlog san oíche sin mar deirtear go mbíonn na daoine marbh amuigh an oíche sin. Deireann siad an paidrín le h-aghaidh na daoine a bhíonn marbh sa teach- Bailitheoir
- Proisias Ó Cearbhaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cearbhaill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe