Scoil: Currach
- Suíomh:
- An Chora Láir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An Bráthair Joachim
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Currach
- XML Leathanach 0097
- XML “Scéal Grinn”
- XML “Tobar Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chaith sé amach biotáile in umar a bhí ar thaobh an tighe. Tháinic na gardaí isteach agus cuairtigh siad an teach, agus ní fhuair siad aon phoitín sa teach. D'imthigh siad arís. Bhí an capall amuigh sa páirc agus bhí tart air. Tháinic sé suas go dtí an umar agus d'ól sé an poitín agus bhí sé ar meisge. Thuit codladh air. Tháinic an fear amach agus chonnaic sé an capall síonta ar an talamh, agus cheap sé go raibh sé marbh. Bhain sé an croiceann de'n chapall agus dhíol sé an chroiceann. Thug sé leabaidh air go moch ach ní raibh sé i bhfad in a codladh nuair a cuala sé fúm uathbhásach taobh amuigh. D'eirigh sé de phreab agus d'fhéach sé amach agus is beag nár thuit sé i laige. Nuair a chonnaic sé a chapall amuigh beo. Chuir sé cúpla croiceann de caoirigh le céile, agus chuir sé thart ar an gcapall é. Tar éis bliadhna chuaidh sé amach chun na gcroiceann caorach a bhaint de'n chapall ach bhí sé greamuighthe do'n chapall. Tháinic a lán daoine go dtí é le féachaint ar an olainn ag fás ar a chapall.
- Tobar BeannuightheTá tobar beannuighthe i mBaile an Tobair. Téigheann daoine ann an trí deire Domhnaigh de Mhí na Íul. Téigheann siad thart timcheall an tobair cúig uaire, agus deireann siad deich bpaidireacha gach uair. Cúig "Ár nAthair", agus cúig "Sé do bheatha." Tugann na daoine buidéal de'n uisge abhaile. Dá mbeadh pian in do cheann tá sé indon é a leigheasú dá n'ólfadh tú é. Tá sean-crann in aice leis an tobair. Bhí Naomh Pádraig ag dul go dtí Tuaim uair amháin. Cheap sé nach raibh sé ag dul an chaoi cheart. Tháinic sé go dtí an crann seo, agus chuaidh sé suas air. Sheas é [!] ar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Proinsias Ó Cearbhaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cearbhaill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cora Finne, Co. na Gaillimhe