Scoil: Saighleán (uimhir rolla 6849)
- Suíomh:
- Saighleán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Puirséal
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timcheall leath míle siar ón scoil ar bothar bhaile 'n tsléibhe atá Cill Leabhar suidhte ceann de na sean cealla a cur Naomh Pádraic ar bun seadh í. Níl fágta di anois acht beagan de na ballaí agus tá an talamh taobh amuigh de na ballaí mar reilic ag muintir na h-áite.Ar na h-uaigheanna níl na leaca tuamba cosamhail le go bhfuil siad ag dul sair an fada mar is ins an mbéarla tá na cuntaisí sgriobhtha ar a bhfur mhór aca.Réir cómhrádh na sean daoine nuair a thug Naomh Padraic turas annseo agus nuair a bhaist sé roinnt daoine ag Tobar a 'Chluig san gcómharsanacht thog sé teampall beag annsin agus d'fhág cuid d'á leabhra ann; uaidh sin tháinic an t-ainm Cill Leabhar.