Scoil: Cathair Loisgreáin (C)
- Suíomh:
- Cathair Loistreáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Nic Aodha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sagart í lár an bhóthair. Chuaidh sé isteach chuig an roilg in áit a chonnaic sé an fear lé na culaidh geal air. Chuir an sagart ceist ar an fear, agus d'iarr sé air céard a bhí air. Dubhairt an fear go bhfúair sé iasacht cúig punt ó bhúachaill an tsagairt, agus nach bhféadfadh sé dul chun an Flaithis, nó go mbeidh sé sin íoctha. D'imthigh an sagart abhaile, agus núair a bhí sé imthighthe, ghread Seán leis treasna na páirce, agus bhí sé sa mbaile roimh an sagart. Chúaidh an sagart isteach, agus chuir Seán an capall isteach.
Is gearr nó gur ghlaoidh an sagart ar Seán. D'iarr sé dhó ar thug sé íasacht aon airgead dá leithide seo do fear. "Má thugh féin, is beag an mhaith dom sin anois." "Dá gheobhthá a leath anois an mbeadh tú sásta," adeir an sagart. "Ní béinn" arsa Seán. "Mara bhfuighidh mé ar fad é coinniughadh mé é. "Seo é do chúig phunt anois agus maithfith tú do'n fear a fúair uait é." "Maithfidh agus fáilte" adeir Seán agus beannacht D lé na anam. Sin é an caoi ar mheall Seán an sagart.- Bailitheoir
- Siobhán Ní Duibhgiolla
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó hUigín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhothlan, Co. na Gaillimhe