Scoil: Cnoc an Dúin (uimhir rolla 14278)
- Suíomh:
- Cnoc an Dúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: M. M.Ó Fíthcheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí baintreach bhocht 'na comhnuidhe i mBáile Cláir agus ni raibh aice ach aon mhac amháin. Seáinín a bhí d'ainm air."A mháthair " adeir sé léithe aon lá amháin,
"Tá sé in-am agam-sa féachaint amach dhom féin agus a dhul le céird.""Agus cé'n céird ba mhaith leat a dhul leis, a mhuirnín?" arsa mháthair."le gaduidheacht, a mháthair" arsa Seáinín."Ó, a mhuirnín céird ar bith ach é sin," ars a mháthair"Sílim gurab é a tá ag Dia le m'aghaidh" arsa Seáinín, "agus a Mháthair, má déanann tusa trí cháicín agus iad a thabhairt leat siar chuig an sgeach aonraic ins an ngort, gabh ar do dhá glúin cúig slait amach ó'n sgeach agus abair paidir, agus caith cáicín isteach faoi bhun na sgeiche agus iarr ar Dhia cé'n céird a gcuirfidh thú Seáinín leis, agus freagróchaidh sé thú. Abair paidir eile agus iarr ar Dhia arís cé'n céird a gucirfidh tú Seáinín leis. Déan an cleas céadna an triomhadh uair agus bí fhios agat annsin má's é an céird atá ag Dia le n'aghaidh.Is gearr a bhí a mháthair imtighthe agus na trí cáicíní aice nuair amach le Seáinín(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- M. M. Ó Fíthcheallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoc an Dúin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Padraig de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Bheitheach Bheag, Co. na Gaillimhe