Scoil: An Clochar, Áth Cinn

Suíomh:
Áth Cinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0023, Leathanach 0059

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0023, Leathanach 0059

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Áth Cinn
  2. XML Leathanach 0059
  3. XML “Seanfhocla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ní thagann gaoth san aer nach mbíonn i seoltaibh duine éigin
    Diogha gach síona an sioch
    Dá fhaide an lá tagann an trathnóna
    Tá chuile coileach teann ar a cairn aoile fhéin
    Is teann gach maide ar doras a thighe fhéin
    Bíonn ceann dub ar gach maidin Earraigh
    Tá sé cosamhail le cearc ar frioctán té
    Is congnamh don bhróig an bharr-iall
    Cara a dhéanfadh duit é
    Dia idir sinn agus an anachain
    Tá sé idir an diabhal agus a mhachsamhail

    Muna a beith agat ach poicide gabhair bí i lár an aonaigh leis

    Ná cuir rud a bith go dtí amárach nuair atá deis agat é a dhéanamh indhiú

    Is dona an chearc nach sgríobhann leithi fhéin
    Meidhligheann an túan dá máthair
    Éist leis an abhann agus gheobhaidh tú breac
    Is fearr an troid ná an t-uaigneas
    Tá éisg chomh maith san bhfairrge 'sa mbeirtear air aríamh
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Filomena Ní Laimhthe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Uí Chonlachta, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Laimthe
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    Os cionn 70
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile Uí Chonlachta, Co. na Gaillimhe