Scoil: An Clochar, Áth Cinn
- Suíomh:
- Áth Cinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Áth Cinn
- XML Leathanach 0068
- XML “Tomás na gCloch”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)méadhchain a bhí sa gcloich sgiorr a cos uaithi agus thuit sí agus chuir sí béic aistí. Cloiseadh an béic i mBun-an-Tobair. Tá a h-ainm sgríobhtha ar an gcloich sin i nDroichead Baile Chláir, "Máire Ní Oisín".
(gan teideal)
“Bhí coláiste i mBun an Tobair fadó.”
Bhí coláiste i mBun-an-Tobair fadó. Bhí Easbog ann agus bhí fear agus fiche mac-léighinn aige. Aon Dómhnach amháin sul a thug an t-easbog an Sacraimint Naomhtha dóibh chuaidh sé siar go "Abhainn Bháidhte" agus d'fhan sé uair a chluig annsin ag léigheamh leabhar. Shiúbhal sé ar an uisge nuair a bhí sé ag teacht arais. Nuair a tháinig sé ar ais go dtí an coláiste bhí fear imthighthe. Ba mac le na dearbhratháir fhéin a bhí imthighthe le bheith pósta le bean Protastún a bhí sé. Níor fhéad an t-easbog an fear a fheiceál go ceann leath-bliadhna. Lá amháin bhí sé amuigh ag siúbhal agus casadh leis é. Bhí cóisde aca agus bhí a bhean sa gcóisde leis. "Tá tú gabhtha anois a bhuachaill" ars an t-easbog, "céard a rinne tú ar chor ar bith" "Rinne mé rud a rinne thú féin go minic" ars an fear. "Céard é" ars an t-easbog. "Thóg mé duine as an diabhal, ionntuigh mo bhean ina Caitliceach" ars an fear. "Imthigh leat" ars an t-easbog, "ní bacfaidh mé leat".- Bailitheoir
- Nóra Ní Chuinneagáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cuinneagáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe