Scoil: An Clochar, Áth Cinn
- Suíomh:
- Áth Cinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0023, Leathanach 0087](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0023%2FCBES_0023_0087.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0023, Leathanach 0087
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sí leó go dtiubhradh sí é nó nach dtiubhradh sí é acht dubhairt sí leo a rádh leis an Athair Pheadair teacht síos go dtí an Chaisleán an oidhche sin.Chuaidheadar ar ais go dtí an t-Athair Pheadair agus d'innis siad dó an rud a dubhairt sí. Chuaidh sé síos go dtí an Chaisleán agus fuair sé áit an teampaill uaithe agus tháinic sé abhaile go ríméadach. Ní raibh uaidh anois acht an t-airgead chun an teampaill a tógáil.Lá amháin bhí na Stásúin i dteach Sheáin Uí Nualán i gClúinín, agus is annsin a rinne sé an chéad cruinniú airgid leis an teampall nua. Annsin chuaidh sé ar fud an pharóiste ag cruinniú airgid agus nuair a bhí sé cruinnighthe ar fad aige ní raibh an mhéad airgid aige is a gceannóchadh táirní do'n teampall nua.B'éigin dó annsin dul go Americá agus a lán áiteacha a shiubhal ag iarraidh airgid agus na h-Éireannaigh fial, flaitheamhla a bhí i Americá fuair sé sparán mór airgid. Tháinic sé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Áille
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Lios, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Nóra Bean Uí Áille
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Lios, Co. na Gaillimhe