Scoil: Cloidheach (uimhir rolla 12090)
- Suíomh:
- Claídeach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Úna Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cloidheach
- XML Leathanach 0111
- XML “Oíche Shamhna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- CLUICHÍ na bPÁISDÍBa mhór an méid cluichí a bhí ag na daoine óga na h-áite seo, fadó, cuid aca atá beo fos in ár measg. Cuireadh ubhla ar crocadh ó'n siléal agus do bhíodh na páisdí ag iarraidh breith orra le na mbéal agus breíd ciartha treasna ar a shúil. Ó mbáisín uisge ar an urlár bhíodh siad ag iarraid píosa a baint dhe le na mbéal. Do leigeadh luaidh leaghta tré poll eocrach isteach i mbaisín uisge agus deanfhadh sé gunnaí, Clochair mainistreacha agus a lán rudaí eile san uisge.
CLUICHÍ na gCAILÍNDo rachadh na cailiní óga go aoil-tighthe agus liatróid snáthaid aca. Do caiteadh an t-snáthad san aoil-teach agus cuireadh siad an ceist seo uatha, "Cé'n fear ata ar bun mo snáthaide". Má labhradh fear fear b'shin é an fear a phósfadh. Do lean leis an cleas sin gur dubradh gurab é an diabhal a bhíod san aoil-teac. Annsin cuireadh críoch leis. Cíodh siad isteach i sgathán ar a dó déag a clog agus cíod siad an fear a phósfadh siad.
NA SIDHEÓGACreideadh go mbíodh na sídheoga an-gnóthach ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Padraig Mac Aodhagáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Claídeach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Aodhagáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Claídeach, Co. na Gaillimhe