Scoil: Scoil Fhursa, Clárán
- Suíomh:
- An Cloichreán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Gairbhín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Fhursa, Clárán
- XML Leathanach 0142
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar an mbúistéár agus d'ordaigh sí dó an chaora dhubh a mharbhadh. Rinne an búistéar amhlaidh. Fágaidh an cailín annsin gan cara gan companach. Shúidh sí síos chrom sí a ceann agus thosaigh sí ag gol. "Céard atá ort a cailín agus cén fá a bhfuil tú ag gol arsa guth taobh tíar dí." D'fhéach an cailín agus ché bhéadh ann ach prionnsa óg. Mac Ríogh ab eadh é a bhí ag taisteal an domhain ar lorg mná. Do bhí iongnadh ar an Mac Ríogh cailín chomh breagh dóigheamhail léi a feiceáil i mbun caorach amuigh ar thaobh cnuic. D'iarr an prionnsa uirri teacht abhaile leis go bpósadh sé í. D'éirigh an cailín, léim sí i n- áirde ar an gcapall mór bán taobh thiar d'en prionnsa. As go bráth leis an mbeirt agus cos níor bhaineadar as rith gur shroicheadar tír an mhic Ríog, Pósadh annsin iad agus nuair cailleadh an sean-Rí fuair an Mac an choróin, Ní bréag a rádh gur mhair an Rí nua agus a bhean i bhfad fá séan agus fá shonas i n-a diaidh sin.Mairéad Ní Áinín,
Clarán Ó Máire Ní Áinín
Ath - Cinn Aosta = 45 bliana- Bailitheoir
- Mairéad Ní Áinín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cloichreán, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Áinín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45