Scoil: Anach Cuain

Suíomh:
Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
R. S. Ó Conaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0009

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0009

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Anach Cuain
  2. XML Leathanach 0009
  3. XML “Na Seancheirdí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Na Sean Céardaí
    Ba mhaith an áit le h-agaidh Ceardaí Eanach Cuain timhcheall céad bliain ó shoin. Bhíodh cuipéirí, siúinéaraí, fiadhóirí agus go leór ceardamhla nach iad ann.
    Bhí cúipéar, sin fear a dhéanfadh cuinneogá agus báirle i gCluanbuadh. Bhí Séimín Ó h-Áinín mar ainm air. Mhair sé timcheall caoga bliain ó shoin.
    Bhí beirt siúinéar sa áit seo. Pádhraigh Mac Giollarnaith i nEanach agus Séimín ó h-Áinín i gCluanbuadh.
    B'iad Patsaigh Ó Giobúin agus Prionnsaís Ó Caomhánach an beirt fíadóir a bhí i nEanach Cuain. Tá Prionnsaís Ó Caomhánach beó fós acht níl an flainín gh'á dhéanamh aige anois.
    Bhí go leór tuigheadeoir i nEanach acht bheadh Pádhraigh Ó Néill í Mása agus Seámus Ó Gola i mbaile na Coillte an bheirt a b'fhearr.
    Bíodh fear a dhéanfadh lód timcheall na h-áite seo freisin. Séamus Ó Góla a bhí mar ainm air. B'as baile na Coille é.
    Bhí criatharadóir i gCoitíanta. Do dhéanfadh seisean na criathar a b'fhearr sa gCeanntar
    B'é an déantús brící a déantús a b'fhearr a bhí i nEanach Cuain fadó. Bhíodh na brící gh'á
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Liam Ó Chaomhánach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe