Scoil: Anach Cuain
- Suíomh:
- Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: R. S. Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Anach Cuain
- XML Leathanach 0093
- XML “Na Gaibhne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Siad na Gaibhne atá ins an áit seo, Triúr clann Uí Tnúthail. Caithfidh go mba dream amháin iad uair. 'Sé an páighí atá díobhta, punt ó chuile dhuine agus an t-iarainn a cheannacht agus na tairnghí. Déanann siad chuile sort oibre agus deisiú iarainn ar an bpunt. Ba é an paighí a bhí do na gaibhne fadó ceann mart ar bith a marbóchadh duine a tahbhairt díobhta.
Ba iad na gaibhne a bhíodh ag tarraingt na fiachla fadó agus deirtear go bhfuil draoidheacht faoi leith ag na gaibhne, ins an áit a mbíonn an t-uisge leis na h-iarainn dearga a fhuarú agus dá mbeadh duine a tógail uisge as agus an gaoth ar'ú buailfidhe tinn an duine sin ar a' bpoinnte.
Sé an fáth go bhfuil an draoideacht sin ag an gabha. Nuair a bhí Ár dTighearna le céasadh d'iarr an lúdhach ar an gabha na tairnighe a deanamh ach ní déanfadh. Thug ar dTighearna saoghal maith do'n gabha agus chuir sé an tinncéar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraig O Coinceanainn
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Tnutáil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Barr Eanaigh, Co. na Gaillimhe