School: Anach Cuain
- Location:
- Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
- Teacher: R. S. Ó Conaill
![The Schools’ Collection, Volume 0024, Page 0050](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0024%2FCBES_0024_0050.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0024, Page 0050
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Anach Cuain
- XML Page 0050
- XML “An Fear Oibre ag a Phá Lae”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fear óg láidir a bhí ag obair d'feilméar nach raibh dúil aige Páighe mhaith a thabhairt do dhuine ar bith a bhí ag obair dó. Tráth fóghmair a bhí ann agus thárla go raibh sé ag baint arbhair dó'n fhéilmear le corrán. San tráthnóna shocruigh siad ar an bpáighe lae agus b'é seo an socrú a rinne siad. Thiubhradh an feilméar an méid dias arbhair don oibridhe a mbeadh chomhairimhthe aige faoi ceann deich nóiméad.
Thosuigh an sgológ ag comhaireamh leis "Dias agus dias" adeir sé "sin dhá dhéis; dhá déis agus dhá dhéis sin ceithre dhiasa; ceithre dhiasa agus ceithre dhiasa sin ocht ndiasa, ocht ndiasa agus ocht ndiasa sin sé-dias-déag, sé-deag agus sé déag, sin dhó dhéag is fich' - agus is deas an dornán arbhair é sin.
Dornán agus dornán, sin dhá dhornán; dhá dornán agus dhá dornán sin ceithre dhornáin; ceithre dhornáin agus ceithre dhornáin, sin ocht ndornáin; ocht ndornáin agus ocht ndornáin sin sé-dornáin déag; sé-déag agus sé-déag sin dhó déag is fich', agus is deas an punann arbhair é sin.
Punann agus punann, sin dhá phunann; dhá phunann agus dhá phunann, sin ceithre phunainn; ceithre phunainn agus ceithre phunainn sin ocht bpunainn; ocht bpunainn agus ocht bpunainn sin sé phunainn déag; sé déag agus sé déag sin dó dhéag is fich' agus is deas an stúca arbhair é sin.(continues on next page)- Collector
- Micheál Ó Coinceanainn
- Gender
- Male
- Address
- Rinn na hAirne, Co. na Gaillimhe