Scoil: Anach Cuain
- Suíomh:
- Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: R. S. Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Anach Cuain
- XML Leathanach 0057
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Mharibh. (Fear agus pota ar a cheann)
Cén fáth ar fhéach an bhó thar an gclaidhe.
(Mar ní fhéadfadh sí fhéacaint faoí an gclaidhe)
Humpty Dumpty shúas ar an mballa séidh an gaoth agus thuit sé faoí ar an talamh. Phléasc an bhlaosc agus briseadh a chroidhe agus tháinig amach an t-sean bhean bhuidhe. "Anois" adéir sé, "cé go raibh sé bán anois tá sé buidhe . Ach ní fgéadfhadh síad Humpty Dumpty a chuir mar a bhí. (ubh bhriste)
Cé mhéad gob a bhuail an chearc ar an talamh go raibh a sháith ithte aicí (aon gob amháin)
Chúaidh fear go Gaillimh agus céad píosa ar a bhríste aige cén t-am a bhí sé?
(Bhí sé in am aige ceann núa a fhághail.
Cén mí is lúgha a gní mná cainnte ( Mí Feabhra)
Ceithre cosa ar maidin dhá chois i lár an laé agus trí cosa sa tráthnóna
(Duine ó aois pháiste go haois sean-dhuine)