Scoil: Anach Cuain
- Suíomh:
- Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: R. S. Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1 Greim mhadaidh: píosa den fhionnadh a chur leis an ngoin Dá mbeadh se go dona an madadh a mharbhú.
2 (a) An Treoch: Tá leigheas ar seo ag fear ag marcuigheacht ar chapall bán. Lá dár iarr bean as baile na Gaoithe leigheas ar dhuine ar chapall bán seo mar thárla.
" A fhir an chapaill bháin, bhfuil leigheas agar ar an Treoch?
"Caislean an Craobhaighe do leagaint ar chloch!"
(b) Dá bhfágadh fiéad bainne 'na dhiaidh is maith an leigheas é sin don treoch.
(c) Bainne asail a thabhairt do pháiste leigheasfadh sé an galar céadna.
3 Má gortuigheann táirgne nó rud mar é thú, is ceart é a dhoghadh mar leigheas ar an ngearradh.
4 Faithní
(a) "Uisge gan iarraidh." braon uisce a gheobhfá i bpoll cloiche a chur ar an bhfaithne.
(b) An Seán Dubh, a chuimilt do'n bhfaithne a's é a chrochadh ar sgeich.
(c) Sugh an chaisearbháin a chuimilt daobhtha.
(d) Uisce a gheobhfá i bpoll cloiche san roilig(leanann ar an chéad leathanach eile)