Scoil: Garrdha (uimhir rolla 12721)
- Suíomh:
- An Gearradh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó hAnnracháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Garrdha
- XML Leathanach 0013
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí duine uasal fadó ann agus bhí sé an-bhocht agus bhí demesne breágh aige - talmhan agus coillte. Bhí fear óg de mhac aige agus nuair a thagadh an fiadhach isteach bhíodh brón ar an mac nuair nach raibh aon chapall aige le n-a leanamhaint. Bhíodh sé i gcomhnaidhe a'foghlaeracht agus madadh beag aige agus lá dá raibh sé amuich chuir sean-dhumín a chloigeann amach as na driseacha agus chuir sé cainnt air. D'fhiafruigh sé dhe a n-imreochadh sé cluithche cártaí. Dubhairt sé go n-imreochadh agus dubhairt an sean-dhumín go n-imreochadh siad trí mhaidin i ndiaidh a chéile. Dubhairt an fear óg cé air a n-imreochadh siad. "Boil" adeir an sean-fhear , " má ghrothuigheann tú is féidir leat do rogha geasa a chur suas." Ghnothuigh an fear óg.
" Cuir suas do gheasa" adeir an sean-fhear." Chuile bhosca dá bhfuil in mo theach , bheith a'pléasgadh le ór agus airgead maidin lá ar na bhárach." " Bhoill, tá leat", adeir an sean-fhear. D'imthigh leis abhaile agus d'fag sé an sean -fhear in a dhiaidh . Bhí an t-athair amuich agus bhí sé a'tarraingt ar a athair agus rímead air . D'innis sé an sgéal don athair. "Á" adeir an t-athair " grothochaidh sé ort sa deire. " Nuair d'éirigh siad ar maidin d'fhéach siad thart agus chonnaic siad na leid (lids) agus cruit orra le ór agus le airgead. "A" adeir an t- athair , "tá fhaitchíos orm go n-imreochaidh sé ort".(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Ó hAnnracháin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Micheál Mc Aodha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 61
- Seoladh
- An Gearradh, Co. na Gaillimhe