Scoil: Beárna Dhearg (B) (uimhir rolla 14633)
- Suíomh:
- Bearna Dhearg, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Flaithrí Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Beárna Dhearg (B)
- XML Leathanach 0122
- XML “Lá Fhéile Bríde”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sí beart luacra leí. Cuireann sí an beart ag ceann an bhuird agus caitheann an liontighe a mbaile annsin. Nuair a bhíos sé caithte deanann gac ceann de muintir an tighe crosóg agus deireann siad an paidir seo:-"Go mbeannuighidh Dia an t-Atair an Mac, agus an Spiorad Naomh an crosog seo. an áit in a bhfuil sí agus na daoine a fheicfeas uirrí"
Crocann siad crosóg os cionn gach doras agus i ngac cró sa clós na feilme agus bhéidh gac rud faoi comairce Bríghdhe i rith na bliana. Ní déanann an cuid is mó annseo an trioblóid sin. Deanann siad crosóg ás cipíní agus tuighe agus crocann siad san aíteann ceadhna i dtigh agus i gcabaín. Teigheann na buacaillí óga mar geamairí o theac go teac ag bailuighhadh airgid, acht tá faithchíos orm nac i nduil Brighdhe na nós na feile acht i nduil an airgidh.(ag leanuinth)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Flaithrí Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)