Scoil: An Clochar, Uarán Mór
- Suíomh:
- Órán Mór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Ghreallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Uarán Mór
- XML Leathanach 0520
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá dhá thobair ar an mbaile seo againne, agus tá dá bhóithrín ag dul suas chucha. Sé an t-ainm atá ar na bóithríní sin ná "Bóithrín na Cleithe" agus "Bóithrín na Móinín".
Seo an fáth go nglaoidhtear na h-ainmneacha sin ortha:- Ins an am fadó ní raibh aon gheataí 'sa tír ná ní raibh fhios ag na daoine cé'n sort rudaí iad. 'Sé an chaoi a gcoinnigheadh siad na beithidhigh ar an ngort ná le bata mór bheith treas[na] an bhéarna. Bhí bata mór treasna an bhóithrín seo ag na sean-daoine fadó, agus 'sé an t-ainm a bhí air ná cleath, agus sin an fáth go nglaoidhtear "Bóithrín na Cleite" air ó Shoin i leith.
"Sé a fath go nglaoidhtear "Bóithrín na Móinín" ar an mbóithrín eile ná go raibh portach ann fadó, agus baineadh móin ann, ach i ndiaidh a chéile ní raibh na daoine ag baint aon mhóin ann agus 'san áit a raibh(leanann ar an chéad leathanach eile)