Scoil: Gort na Léime (uimhir rolla 13012)
- Suíomh:
- Gort na Léime, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort na Léime
- XML Leathanach 0312
- XML “Seancheirdeanna”
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)acu fadó le h-aghaidh turnóg a dhóghadh - móin nach mbéadh mórán deataighe uirthi agus a lasadh suas go h-obann.
Coinnle:- déantaí coinnle "briob" le luachair níor mhór an craiceann a bhaint de gach buise luachaire agus iad a thomadh i ngéir caorach. Ní bhíodh aon ádhbhar soluis acu fadó acht na coinnle seo. Bhíodh cipíní giúmhasaighe freaisin le h-aghaidh solus a dhéanamh dóibh.
Ag déanamh lín:- Fadó cuireadh na daoine beagán lín. Bhíodh obair mór leis seo nuair a bhíodh sé réidh le bainnt agus annsin bhíodh ar na daoine é bualadh, é chruachan, é shiostaladh agus é mhíniúghadh. Tá bochán beag no a lorg fós in aice mo thighe féin áit a mbíodh lín dá chruachan fadó. - Mí na Márta is mó a dhéanadh na daione pósadh san áit seo fadó. Is minic a phóstaí trí lánamhain nó ceithre lánamhain as an mbaile céadhna Márta mídhe. Nuair bhíodh an lánamhain nua-posta ag teacht abhaile bhíodh muintear an baile go léir amuigh agus tuighe lásta aca rompa. Nuair thagadh an lánamhain isteach bhíodh máthair an fhir óig nó máthair na mná óige ag an doras agus briseadh sí cáca aráin coirce ar a g-ceann. Bhíodh go leor daoine ag an mbanfhéis agus is ar chapallaibh a théigheadh siad ann. Bhíodh beirt ar gach capall. Fear ar d-tús agus bean taobh thiar de ina suidhe ar "chúlóig". Bhíodh muintear na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádhraigh Phléamonn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Coill an Chaclaigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Mairéad Bean Ui Phléamonn
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Coill an Chaclaigh, Co. na Gaillimhe