Scoil: Cros-Bhóthar (uimhir rolla 14688)
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear 'na chomhnuidhe i gCuige Uladh uair agus indeireadh a shaoghail d'eirigh sé an-bhocht go mbéigin dó an t-aon bhó amháin a bhí aige a dhíol.
Ar dul ar an aonach dhó casadh fear beag bídeach air. Thug sé buidéal do Micheal ar an mbó.
D'ionntuigh Micheál abhaile agus an buidéal aige agus nuair a shroith sé an teach thainig searbhóintí amach as an mbuidéal agus thoisigh siad ag leagadh an bhúird i gcóir a shuipéir. D'fhág siad soithigh oir de chuile shórt ar an mbord 's nuair a bhí a bhéile caithte ag Micheál
dhíol sé na soithigh.
Ar an mbealach sin d'eirigh Miceál saidhbhir indiaidh a chéile go dtí gur chuala an tighearna talmhan é. Tháinig éad ar an tighearna agus bhí sé le Micheál go dtí gur mheall sé an buidéal uaidh.
Diaidh ar ndiaidh thosuigh an saibhreas ag imtheacht ó Mhiceál arís go raibh air an t-aonach a thabhairt air féin arís le ceann eile a dhíol agus tráthamhail go leor casadh an feairín ceadna air. Thug sé buidéal eile do Thomás agus siud abhaile leis arís.
Nuair a shroich sé an teach an babhta seo thainig beirt fhear amach as an mbuidéal agus buailteáin acu agus thosuigheadar ag bualadh rómpa.
Chuala an tighearna talmhan arís fa'n dara bhuidéal agus thug sé cuireadh do'n fhear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Mac Lochlainn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Bheanáin, Co. na Gaillimhe