Scoil: Cros-Bhóthar (uimhir rolla 14688)
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Strong men 3. ar lean.
Bhí Micheál A'Giollagain ina chomhnuidhe i dteachain beag in aice bothar a'Mhóinín anois tá fothracha an tighe le feiceáil go soiléar fós.
Bhí paiste beag talmhan aige thoir mar a bhfuil "tobar a'loch" anois. Is ann a chuirfeadh sé an bhó a bhí aige ag féaracht. Bhí an uair sin mar atá anois trinsí móra mar teorainn ar an ngiota beag talmhan agus pé mí-ádh a bhí ar an mboin nó ar an té ar leis í chuaidh sí sa trinse agus dheamhan a bhfaca duine ar bith í go raibh sí criogtha. Nuair a chuala Micheál é siar leis agus an braith a bhíodh aige ag cáthadh coirce leis. Bhí a mhac in éindigh leis. Tharraing Micheál an bhó aníos as an dtrinse. Chuir sé isteach sa mbrat í agus d'árduigh sé an brat 's an bhó ar a dhruim agus thug aniar ar an mbealach sin í. Treasna currach is bogach.
Nuair a bhí sé ag siubhail agus an bhó ar a dhruim aige bhuaileadh cosa deire na bó isteach sana h-iosgaidí é. Dubhairt sé le 'na mhac "beir greim ar na cosa sin agus ná leig doibh bheith am bhualadh ins na h-iosgaidí".