Scoil: Crois-Bhóthar
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Crois-Bhóthar
- XML Leathanach 0270
- XML “Pisreogaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)4. Nuair do bhéadh fear ag dul chuig aonach níorbh mhaith leis bean a chasadh air - go mór-mhór bean ruadh. Cheapfadh sé nach
mbéadh aon ádh air ar an aonach.
5. I dteach a mbéadh leanbh óg innte, ní rachadh an mháthair amach gan an tlú a fhágáil treasna an chliabháin ar eagla go dtiocfadh
na sidheógaí is go dtiubharfadh siad an páisde beag leó.
6. Ag an teine cnámh, La 'le Sheáin, ní rachadh daoine abhaile gan splannc teine a thabhairt leo agus é a chaitheamh san ngáirdín,
ionnus go mbéadh na fataí go maith aca an bhliadhain dar gcionn.
7. Cearc agus traithnín in a cois aici, sin comhartha go bhfuigheadh cara duit bás i gcionn tamaill.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seósamh Ó Flaitheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tóin le Gaoith, Co. na Gaillimhe