Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Síbíní agus eile.Bhíodh go leor síbíní ins an tír seo fadó. Bhíodh go leór teach ósta ann freisin acht bhíodh ({licence}) aca-san. Ní bhíodh aon ({licence}) ag na síbíní chor ar bith.
Bhi síbín amháin ar chúala mé trácht faoi achair geárr ó'n áit seo. Théigheadh fear an tsíbín go dtí teach ósta 'chuile seachtmhain nó mar sin chun leann dubh agus dígheanna láidire eile a fhághail.
Bhíodh fhios ag na cómhursana go raibh síbín ins an áit seo agus théighidís ann úaireannta 'chun deoch d'fhághail. Bhí an síbín ag 'ul ar aghaidh go breágh ar feádh achair mhaith acht san deireadh frítheadh amach go raibh an síbín ann.
Lá amháin tháinic fear isteach go dtí an síbín agus bhí sé an-lag amach 's amach.
Dubhairt sé go raibh sé ar aonach an lá sin agus nár chodail sé an oidhche(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Grádaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann