Scoil: An Garán
- Suíomh:
- An Garrán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Garán
- XML Leathanach 0571
- XML “Bia na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Itheann na daoine níos mó biadh anois ná mar d'itheadh na daoine a bhíodh i n-a gcomhnuidhe annseo fadó. Ní ithidís acht trí béilí gach lá, an bricfeasta, an dinnéar agus an béile um thráthnóna. D'ithidís béile de leite déanta d'arbhar Indiach, arán donn déanta de chruithneachtain agus bainne gach maidin. Bhíodh buird aca agus bhíodh ceithre cosa faoi gach bórd. Do bhíodh an bórd suidhte i lár an urláir nuair do bhíodh siad ag ithe a mbéilí acht do chuiridís an bórd isteach i n-aice leis an fhalla nuair do bhíodh siad críochnuighthe leis. Bhíodh an bórd déanta d'ádhmad de ghnáth. Dhéanaidís an t-im de ghnáth iad féin agus bhíodh siad go h-an(leanann ar an chéad leathanach eile)