Scoil: Cillíní Díoma (uimhir rolla 15071)
- Suíomh:
- Cillín a Díoma, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Uinsionn Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cillíní Díoma
- XML Leathanach 0243
- XML “Bean an Dlí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'iompuigh an abhchóide ar an gcosantóir, "imthigh leat as seo agus ná feicim annseo arís thú." Rinne sé réidh chun dul ach glaoidh glór amach i lár na cúirte, níl sé réidh go fóill. hAmarcadh thart agus annsin i lár an urláir, bhí fear an ghaimbín agus ag craitheadh giota pháipéar a rabh rud eigean sgriobhtha air.
"Cá' as a bhfuil tú ag eileamh," arsa breitheamh "Bliadhan as lá indiú thug mé seacht bpunta de óir den fhear seo agus de réir an mhargaidh a rinneadh ba chóir an tairgead a bheith agam anois.
"Bhfuil an tór agat" arsa breitheamh leis an bpriosúnach. "Níl" ar seisean. "Caithfidh tú seacht bpunta de do chuid feóla a chailleadh.
Cé ghearrfas an oiread feóla sin, Gearrfaidh mise é arsa' búistéar a bhí istigh.
"Gabh treo annseo" arsa fear a' dlighe "agus déan é ach má ghearrann tú níos mó nó níos lugha, nó má dhóirteann tú aon deór fola, bainfear an cloigeann díot leis an gclaidheamh bheag seo," a' taisbeáint a leithead.
Ní plé ar bith seo agus d'imthigh sé, "Duine eile a fhiacfas", arsa an abhchóide. Char labhair duine.
Anois arsa sé leis an bpriosúnach gabh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Prionnsíos Ó Chonáin
- Inscne
- Fireann