Scoil: Cillíní Díoma (uimhir rolla 15071)

Suíomh:
Cillín a Díoma, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Uinsionn Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0059, Leathanach 0304

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0059, Leathanach 0304

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cillíní Díoma
  2. XML Leathanach 0304
  3. XML “Na Ceantair san Áit”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Cathair an mhadhadh
    Táim ag cur fúm i gCathair a' Mhadadh. Tugadh an t ainm sin air mar sórt baile mór a bhí ann fadó le linn na bhfianna agus d'fanadh siad ann le na gcuid madadh gach uair a mbíodh siad ag sealg san áit,
    Birreóg
    Tugadh sin air mar tá go leór eitinn ins an gceanntair. Tá seacht dtighthe ins an gceannta agus duine amháin ag fághail an phinnsiúin.
    Gráinseach.
    Tugadh an tainm sin air mar bé eaglais ann fadó agus sin an sean-ainm a bhí ar áit naomhtha. Ta cúig tighthe ins an gceanntair agus níl aoinne ag fághail an phinnsiúin fós. Tá sé ar áit is comhgaraighe do bhaile locha Riach.
    Baile na gCnocán
    Tugadh an t-ainm sin mar ta sé lán de chnuic bheaga. Níl mórán sean daoine ann. Tá aon theach mór ann théach Mic Ghamhna,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cillín a Díoma, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Prionnsíos Ó Conáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cillín a Díoma, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cléirigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    74