Scoil: Gleann Mhic Mhuirinn (uimhir rolla 14788)
- Suíomh:
- Gleann Mhac Muirinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nóra, Bean Mhic an Iomaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ceárta Antoine Dhuibh
I
D'éurig mé ar maidin go dubh
Is chuaidh mé go ceardcha Antoine Dhuibh
Adhbhar mo láidhe 'ta agam annseo,
Is ag iarraidh í fhághail déanta atá mé. Iabhair sé liom go cumhartha deas, ciúin
Dá mbeadh céad fear eile romhat, gheobhadh tusa, tús.
Séid na boilg seo taobh thiar ar mo chúl.
Agus tosnóchadh mé a plátáil do láidhe.
II
Tharraing sé chuige tobac agus píopa,
Shocruigh sé cathaoir is shuidh le mo thaobh-sa.
Únsa de'n duilleóg a chaith sé mar bhiadh,
Is thosuigh sé a'plátáil mo láidhe.
art sé an teaghlach, go leigfeadh sé síos an steel.
'Gus sháith sé le gorradh an t-iarann.
Bí na spallcracha ag éirghe go froightheacha an tíghe.
Is mé fágáil m'anam a' gáire.
III
Nuair a fuaireas mo láidhe, is í gléasta 'mo láimh,
Shocruigheas chun abair í, is d' oibrígheas an lá.
Is níl aon fhear óg dá'r beathuigheadh san áit,
Nach sgoithfinn san gcoimhlint an lá úd.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Mhac Muirinn, Co. na Gaillimhe