Scoil: Gleann Mhic Mhuirinn (uimhir rolla 14788)

Suíomh:
Gleann Mhac Muirinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nóra, Bean Mhic an Iomaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0328

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0328

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Mhic Mhuirinn
  2. XML Leathanach 0328
  3. XML “Scéal an Triúir Deartháir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Thug sé amach í agus nuair a tháinig sé isteach ní raibh aon bhéilídhe le fághail aige. Rinne sí an cleas céadhna leis an tríomhadh lá, agus nuair a fuair sí amuigh é, d'fhiafruigh sí dhe a raibh sé a fághail aon locht ar an obair, dubhairt Pádhraic "Tuige nach mbéinn ag fághail locht ar an obair, agus gan aon ceó ithte le trí lá agam". D'innis an t-sean-bhean é seo dá mac agus bhain an mac an dá chluais de Phádhraic. Chuaidh an fear bocht abhaile gan aon chluais.
    Dubhairt an dara dearbhráthair go gcaithfeadh sé féin a dhul ag saothrú a bheatha. Chuaidh sé go dtí an baile mór. Casadh an fear céadhna leis. D'fhiafruigh sé dhe cá raibh sé ag dul. Dubhairt Seán go raibh sé ag cuartúghadh oibre. Seán a b'ainm dó. Béarfadh mise obair dhuit ar seisean agus chúig phúnt sa ráithche as ucht mo mháthair a thabhairt amach tamall gach lá, mar tá sí ina cláiríneach, acht má fhághann tú aon locht ar an obair, béidh an dá chluais le cailleadh agat.
    Dubhairt Seán go raibh sé sásta leis an obair agus chuaidh sé leis. Nuair abhí a bhéilídhe leagtha anuas chuige d'fhiafruigh an t-sean-bhean dhe an t-ainm abhí air, agus dubhairt sé gur Seán. "Tabhair amach mé a Sheáin", ar sise. Nuair a tháinig sé isteach ní raibh aon bhéilídhe le fághail aige. Bhí sé mar sin ar feadh trí lá agus an tríomhadh lá d'fhiafruigh sí dhe, a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1000: Bargain Not to Become Angry
    AT1002: Dissipation of the Ogre's Property,
    AT1049: The Heavy Axe
    AT1062: Throwing the Stone
    AT1088: Eating Contest
    AT1115: Attempted Murder with Hatchet
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Mac An Iomaire
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doire Choill, Co. na Gaillimhe