Scoil: Ballinafad
- Suíomh:
- Béal an Átha Fada, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mrs Ruane
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballinafad
- XML Leathanach 278
- XML “Aimsir Ghéarleanúna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)In aimsear na pian-dlighthe thugadis cúig puint ar cloigeann sagairt auris dhá púint dheich sgilleacha ar cloigeann máighistir scoile agus bhiodh na sagairt boicht ag dul tríd na sléibhte agus na gleannta ag dul i bfholach ar na saigdúiribh agus is minic a cailleadh iad ins na sléibhte.
Léigheadh sagairt Aifreann ar leac mór ins an sleabh thíos ag Abhann Mhór in aice le Tuaim Beóla agus tá an leac ann fós. Bhí teach beag speisiálta ins an sliabh in aice le Clochán agus léigheadh siad Aifreann ann go minic go dtí go bfuair na saighdiurí amach iad.
Tá áit ins an sliabh istigh i gCaiseal agus léigheadh Aifreann ar cloch ann, tá an leac mór ann fós agus tugann siad "Cnoc an Aifreann" go dtí an lá indiú air.- Bailitheoir
- Máire Ní Mháille
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal an Átha Fada, Co. na Gaillimhe