Scoil: Leithrinn
- Suíomh:
- Leithrinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Labhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ar leanamhaint 24adh-11-37d'airigheadar rud cruaidh ins an talamh. Cheapadar gur cloch a bhí ann.Thosuigheadar ag tocailt. Rinneadar poll doimhin. Thóigeadar amach cloch mhór. Leanadar ag tocailt. Tháinig faitchíos ar fhear amháin aca. Níor chabhruigh sé leo. Thosaigh an beirt eile aca ag magadh faoi. D'fhan sé annsin ag breathnughabh ortha. Do lean an bheirt aca ag tocailt. Tháinigeadar go sean phota a bhí an-mhór. Ní rabhadar inann é a thabhairt suas. D'oibrigh siad an-chruaidh ar fad, ach níor éirigh leo. Thug an tríomhadh fear comhairle dóibh, gan bacadh leis an bpota. Níor ghlacadar an comhairle. Do leanadar ag obair. Bhíodar ag dul ar aghaidh go maith sa meadhon lae. Cúpla móiméad eile agus bheadh an pota suas aca. Chualadar torann istigh ins an bpoll. Tháinig faitchíos ortha. Do léimeadar suas. D'fhagadar chuile rud annsin. Ritheadar ó'n bpoll. Do léim cat dubh aníos as an bpoll agus do rith sé ina ndiaidh na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Éibhlín Ní Chearnaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceapánach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Lúcás Ó Mainnín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leithrinn, Co. na Gaillimhe