Scoil: Leithrinn
- Suíomh:
- Leithrinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Labhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leithrinn
- XML Leathanach 185
- XML “Ceapadóireacht - Coinnle”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ar leanamhaint 10adh-3-38uair sin. Bhí sé inann coinnle a dhéanamh. Rinne sé coinnle do'n cheanntar seo. Ghearr na daoine luachair. Rinneadar beartí díobh. Cheangladar suas iad le luachair eile. Annsin thugadar iad do'n fear a bhí ag déanamh na coinnlibh.Phioc sé amach na traithníní maithe ramhra. Bhain sé an craicheann díobh. Thiormuigh sé iad cois na teineadh. Fuair sé gréis ó na daoinibh. Go minic cheannuigh sé í ó'n mbuistéar. Do leathaigh sé í. Ghearr sé na coinnle ceithre orlaigh ar fhaid. Chuir sé iad isteach i dtubán. Do leathaigh sé an ghréis anuas ortha. Chuimligh sé iad ins an dtubán. Nuair a bhí an ghréis ortha thóg sé amach iad. D'fhág sé iad i n-áit fhuar. Nuair bhíodar réidh thug sé iad ar ais do na daoinibh a thug na luachra dó. Níor cheannuigh sé an ghréis acht go h-annamh. Thug na daoine an ghreis dó agus rinne sé coinnle dóibh.Rinne an Siúinéar seastán coinnle dóibh. D'íocadar é. Bhíodh sé nó seacht gcinn in gach seastán. Bhí solas greasúnta maith acu annsin. Mhair an céard sin go bhfuaireadar lampaí agus ola. Ní raibh na lampaí sin cosamhail leis na lampaí atá againn indiú.
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tÁthán, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Mágh Fhloinn
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tÁthán, Co. na Gaillimhe